![]() |
|||
|
Obair Trasphobail |
|||
|
|
Tá ethos láidir trasphobail ag an Iontaobhas. Le céad éigean bliain anuas, tá claonadh láidir ann an Ghaeilge a cheangal le traidisiún amháin creidimh (Caitliceach) agus polaitíochta (náisiúnaíoch). Tá baill an Iontaobhais go tréan den bharúil gur chóir an teanga a chur chun tosaigh mar oidhreacht choiteann ag gach duine sa tsochaí, is cuma cén cúlra as ar tháinig siad. Aithnítear nach mbeidh sé furasta dearcaithe nó cleachtas sean-bhunaithe a athrú, agus nach ndéanfar thar oíche é, ach tá prionsabal an uileghabhalachais lárnach dár gcuid oibre. Ó bunaíodh i 1990 é, d’aithin an t-Iontaobhas go bhfeidhmíonn obair thrasphobail ar roinnt leibhéalacha: ag plé le réamhchlaontaí diúltacha; ag spreagadh suim sa Ghaeilge ar fud an phobail; ag déanamh taighde ar thraidisiún na Gaeilge sa phobal Phrotastúnach agus ag scaipeadh eolais ar an taighde sin; ag déanamh anailíse ar bhacanna ar bith a bheadh ar dhaoine ón phobal Phrotastúnach / aontachtach dul i dtreo na teanga; agus ag soláthar deiseanna do dhaoine ón phobal sin teagmháil a dhéanamh leis an Ghaeilge, an teanga a fhoghlaim, agus í a úsáid. Is cuid thábhachtach d’obair an Iontaobhais aird a tharraingt ar bhraithstintí an phobail aontachtaí i measc an chuid sin den phobal náisiúnaíoch atá ag iarraidh fairsingeacht a fhágáil i ngluaiseacht na teanga do dhaoine a bhfuil dearcaithe eile acu. Is ar Gordon McCoy is mó a thiteann freagrachtaí trasphobail an Iontaobhais. Tá se ar fáil le ceisteanna fán teanga a phlé le grúpaí 'neamh-thraidisiúnta' agus le daoine eile ar suim leo an t-ábhar. Tá se mar chúram air na constaicí atá roimh Phrotastúnaigh agus aontachtaithe maidir leis an Ghaeilge a aithint agus straitéisí a fhorbairt leis an bhua a fháil ar na buarthaí, idir fhíor agus bhraite, a bhíonn ar fhoghlaimeoirí. Tá sé ag obair i dtreo tuiscint a thabhairt do Chaitlicigh agus náisiúnaithe ar na fadhbanna a bhíos ag foghlaimeoirí ó thraidisiúin eile. Cuideoidh sé le daoine aonair nó grúpaí ar mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim, nó atá ag iarraidh eolais fán teanga. Thig dhul i dteagmháil le Gordon ag gordon@ultach.org
|
||