Clár Cinn 


 

Cé MUID

Teagmháil

Trasphobail

CRAOLACHÁN

Foilseacháin

FAQS

AcmhainnÍ

AIGHNEACHTAÍ

Tagairtí Taighde

Nuacht

 

 

CÚLRA

Tá Iontaobhas ULTACH ina chumann carthanachta a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn i measc pobail uile Thuaisceart Éireann. Tá oifigí an Iontaobhais i mBéal Feirste. Is cuid lárnach dár gcuid oibre an teanga a chur chun tosaigh ar bhunús trasphobail, agus tá ionadaíocht ón dá mhór-thraidisiún creidimh ar Bhord na nIontaobhaithe.

Bunaíodh Iontaobhas ULTACH ag deireadh 1989 agus thosaigh sé a fheidhmiú i mí Fheabhra 1990. Tháinig céad-mhaoiniú an Iontaobhais ón Láraonad Caidrimh Pobail, fo-rannóg de chuid Roinn Airgid agus Pearsanra Thuaisceart Éireann, agus ó Roinn na Gaeltachta ó dheas. Tagann bun-mhaoiniú an Iontaobhais anois ó Fhoras na Gaeilge.

Ar feadh roinnt blianta ba é an tIontaobhas an t-aon eagras ó thuaidh arbh é maoiniú na Gaeilge a phríomhghnó. Ó 1990 i leith, dáileadh thart ar £1.5 milliún mar dheontais ar na céadta fiontar Gaeilge. Caitheadh thart ar 50% den mhaoiniú ar an Ghaeloideachas, agus chuaigh formhór na codach eile i dtreo na hearnála deonaí.

I 1998, thug Comhaontú Aoine an Chéasta stádas úr don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Bunaíodh Foras na Gaeilge, áisíneacht Ghaeilge an Fheidhmeannais Thrasteorann Teanga, an geimhreadh dar gcionn. Is é an Foras príomheagras forbartha agus mhaoinithe na Gaeilge in Éirinn anois. Chomh maith leis an Fhoras, bunaíodh dhá eagras eile a raibh sé de chúram orthu an Ghaeloideachas ó thuaidh a mhaoiniú agus a fhorbairt.

I ndiaidh na n-athruithe structúrtha seo i dtaca le maoiniú na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, thosaigh Iontaobhas ULTACH a dhíriú a chuid acmhainní ar thioncsnaimh inmheánacha agus ar comhthionscnaimh seachas ar dheontais. Tugann an liosta seo a leanas achoimre ar phríomh-achair ghníomhaíochta an Iontaobhais:

·         obair thrasphobail

·         áiseanna foghlama a fhorbairt

·         páirtnéireachtaí stráitéiseacha a fheidhmiú le heagrais bhainteacha phobail, thaighde, oideachais agus reachtúla

·         ról comhairliúcháin leis an rialtas agus le heagrais reachtúla maidir le pleanáil teanga agus polasaí

·         feachtas ar son earnáil neamhspleách chraoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann

·         ábhar ar an Ghaeilge agus ar cheisteanna ábharacha a fhoilsiú

·         obair i dtreo polasaí éifeachtach ar na healaíona Gaeilge do Thuaisceart Éireann

·         tograí nuálacha teanga a thionscnamh

·         fiontair theanga a mhaoiniú (cliceáil anseo le foirm iarratais a fháil agus anseo leis na coinniollacha deontais a fháil)

Tá gearrchuntas thíos ar chuid de na hachair ghníomhaíochta seo.

Bíonn an Ghaeilge go minic ina hábhar spáirne i dTuaisceart Éireann. Tríd a chuid oibre trasphobail, déanann an tIontaobhas iarracht suim a spreagadh sa teanga i measc an phobail uile, beag beann ar leagan amach polaitíochta nó creidimh. Déanaimid gach iarracht deiseanna a chur ar fáil leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid dóibh siúd i gceantracha agus i bpobail nach gnách leo baint a bheith acu leis an teanga.

Tá taighde déanta ag Gordon McCoy, ar a bhfuil príomh-chúram chlár trasphobail an Iontaobhais, ar thaithí fhoglaimeoirí Protastúntacha comhaimseartha maidir leis an teanga, agus obair déanta ag baill fhoirne agus bhoird ar an bhaint stairiúil a bhí ag Protastúnaigh leis an Ghaeilge, traidisiún a ligeadh i ndearmad. Déanann an tIontaobhas anilís ar na constaicí a bíos ag Protastúnaigh agus ag aontachtaithe maidir leis an Ghaeilge, agus déanann an t-eagras iarracht cur le tuiscint Chaitliceach agus náisiúnaithe ar na fadhbanna a bíos ag foghlaimeoirí ó thraidisiúin eile.

I dtaca le háiseanna foghlama de, bhí baint againn le forbairt an chéad phacáiste foghlama ilmheáin i gcanúint Chúige Uladh. Craolaíodh 30 clár leathuaire Now You’re Talking ar BBC, RTÉ, TG4 agus Cainéal 4. I gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, d'fhorbair agus d'fhoilsigh muid dha lámhleabhar do mhúinteoirí, Abair Leat!, atá dírithe ar riachtanais fhoghlaimeoirí fásta. Tá Taisce Focal, forlíonadh d'fhoghlaimeoirí a fhoilsítear ar an iris idirlíon BEO! (www.beo.ie) á scríobh ag foireann ULTACH fosta. Tá sé mar aidhm ag an tsraith seo deis a thabhairt don fhoglaimeoir ar an mheán- agus ar an ardleibhéal blas a fháil ar chaint nádúrtha na Gaeltachta. Bhí an oiread sin rachairte ar an tsraith is go bhfuil rún againn iad a fhoilsiú i bhfoirm leabhair.

Bíonn an tIontaobhas ag iarraidh díospóireacht a spreagadh ar réimse leathan téamaí tríd léachtanna, chomhdhálacha, altanna, aignneachtaí, thuairiscí agus fhoilseacháin. I measc na n-ábhar ar díríodh orthu bhí na cinn seo a leanas: oideachas, ceisteanna trasphobail, polaitíocht an chultúir, stair, na healaíona Gaeilge agus an nasc idir Gael na hÉireann agus na hAlban.

Le tamall anuas tá an tIontaobhas thar a bheith gníomhach i gcúrsaí craolacháin:

·         d’fhoilsigh muid cúig thuairisc ar cheist na teilifíse Gaeilge i dTuaisceart Éireann idir 1990 agus 2003

·         chuir muid tús le feachtais ar son ciste traenála agus léirithe do theilifís na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, chomh maith le teacht a bheith ag pobal an tuaiscirt ar TG4

·         sa bhliain 2002 reachtáil muid feachtas le go mbeadh an Ghaeilge luaite go sonrach san Acht Craolacháin

·         rinne muid stiúradh agus bainistiú ar an chéad chúrsa traenála d’earnáil na teilifíse Gaeilge i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2002

·         d’fhorbair muid agus rinne muid co-mhaoiniú ar phacáistí maoinithe ar son stiúrthóirí teilifíse don earnáil úr Gaeilge i 2002-3

·         i 2003 d’eagraigh muid (agus mhaoinigh muid) seó-scannán d’obair na earnála úr Ghaeilge le linn Fhéile Idirnáisiúnta Cheilteach Scannán agus Theilifíse i mBéal Feirste

·         ó 2004 tá muid gníomhach in athbhreithniú Ofcom maidir le craoltóireacht sheirbhís phoiblí agus in Athnuachán Chairt an BBC

Tá feachtas leanúnach ar siúl againn ó 1991 i leith leis na húdárais ealaíon ó thuaidh, ag áiteamh orthu struchtúir chuí mhaoinithe, thacaíochta agus mheastóireachta a chruthú do na healaíona Ghaeilge. Tá idir am agus shaothar caite againn ag cur chás na Gaeilge chun tosaigh ar Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.

Bhí baint lárnach againn fosta le bunú, forbairt agus riar Colmcille, eagras a bunaíodh i 1998. Tá sé d'aidhm ag Colmcille an ceangal idir Gaeil na hÉireann agus na hAlban a forbairt agus a neartú. Tá Oifigeach Thuaisceart Éireann Cholmcille, Maolcholaim Scott, lonnaithe in oifigí an Iontaobhais. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Maolcholaim ag +44 (028) 9023 8293 nó maolcholaim@colmcille.net Tá suíomh láithreáin Cholmcille le fáil ag www.colmcille.net.

 English Version