Cé Muid


Clár Cinn

Teagmháil

Trasphobail

craolachÁn

Foilseacháin

AcmhainnÍ

Tagairtí
Taighde

Nuacht

 

 

 

Bord ULTACH

Cathaoirleach: Séamus de Napier

Iontaobhaithe: Ruairí Ó Bléine,  Réamonn Ó Ciaráin, Seán Ó Coinn, Risteard Mac Gabhann, Sue McGeown, Robin Glendinning, Barry Kinghan agus Orla Nig Ruairí.

Foireann ULTACH

Aodán Mac Póilin, Stiurthóir, Róise Ní Bhaoill, Leas-Stiúrthóir,  Gordon McCoy, Oifigeach Forbartha, agus Dáithí Mac Cába, Rúnaí.

Rugadh Aodán Mac Póilin i mBéal Feirste, agus tá cónaí air i nGaeltacht Bhóthar Seoighe. Tá bunchéim agus M.Phil sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh. Is iar-mhúinteoir é agus tá sé ina Stiúrthóir ar an Iontaobhas ó 1990 i leith.

Bhí sé gníomhach sa Bhiúró Europeach do Theangacha Neamhfhorleathna agus Comhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann, agus ba Chathaoirleach é ar an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart. Fá láthair is ball boird é le Cultúir na hÉireann, Iomairt Cholm Cille, Comhairle na Gaelscolaíochta, Comhairle Craoltóireachta Thuaisceart Éireann, Foras na Gaeilge, agus Aonad Seamús Heaney, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

Tá altanna scríofa agus léachtanna tugtha aige ar réimse leathan ábhar a bhaineann le cúrsaí teanga, litríochta agus cultúir, agus bhí sé ina eagarthóir ar Styles of Belonging: the cultural identities of Ulster (1992), Ruined Pages, New Selected Poems of Padraic Fiacc (1994), The Irish Language in Northern Ireland (1997). Bhí sé ar phainéal eagarthóireachta Leabhar Mór na Gaeilge (2002).

Tógadh Róise Ní Bhaoill i nGaeltacht Thír Chonaill. Céimí de chuid Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath í agus tá MA sa bhainistíocht chultúrtha críochnaithe aici le hOllscoil Uladh. Thosaigh sí ag obair don Iontaobhas i 1990. Ba bhall boird í ar Dhaonmusaem Uladh agus ar Choimisiún Raidió na Gaeltachta. Bhí sé ina ar Ghrúpa Oibre Chultúir agus Féiniúlachta a bhunaigh Choimisiún Cearta Daonna Thuaisceart Éireann, agus ar dhá choiste de chuid Chomhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann. Bhí sí ina rúnaí ar Choiste Thuaisceart Éireann agus ar Choiste na Ríochta Aontaithe den Bhiúró Europach do Theangacha Neamhfhorleathana.

Fá láthair tá sí ar bhord Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus Iomairt Cholm Cille. Tá sí ina ball de Choiste Fhorbartha Pholasaí an Chomhairle Chaidrimh Phobail agus ar Phainéal Comhairleach de chuid Chomhairle Ealaíona Thuaisceart Éireann. Tá sí ina comh-eagarthóir ar Gaelic-Medium Education Provision:Northern Ireland, The Republic of Ireland, Scotland and the Isle of Man (2003) agus ina húdar ar The Irish Language in Education in Northern Ireland (2004). Is údar í ar “Taisce Focal”, alt mhíosúil d'fhoghlaimeoirí ar an iris líonláithreáin Beo!.

Is as Tamhnach Naomh do Gordon McCoy. Tá céim aige sa Cheiltís agus san Antraipeolaíocht Sóisialta agus i 1997 thuill sé doctúireacht ó Ollscoil na Ríona dá thrachtás ar Phrotastúnaigh a d'fhoghlaim Gaeilge. Bhí sé gníomhach ar dhá choiste de chuid Chomhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann, an Grúpa Comhairle Éagsúlachta Cultúir agus an Grúpa Comhairle Taighde agus Acmhainn. Is comhalta é ar Fhoras na Gaeilge, an chomhlacht forfheidhmithe trasteorann.

Bhí sé ina chomh-eagarthóir ar Aithne na nGael/Gaelic Identities (2000), a dhéannann comparáid idir traidisiún na Gaeilge in Éirinn agus in Albain. Tá altanna scríofa aige d’irisí léannta ar ghnéithe de ghluaiseacht na Gaeilge agus ar fhoghlaimeoirí Protastúnacha na Gaeilge, agus foilsíonn sé altanna, idir adacúlacha agus eile, ar théamaí a bhaineann le cultúr agus polaitíocht. Theagasc sé cuid mhaith ranganna Gaeilge agus i 2002 fuair se teastas san aosoideachas ó Ollscoil na Ríona. Tá Gordon ag obair ag an Iontaobhas ó 1997.

 
   Leagan Béarla